An Ghaeilge

An Ghaeilge

An Ghaeilge

leis an Dr. Malachy Ó Néill

(Ceann Scoile, Scoil Theanga & Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Uladh)

Is teanga Cheilteach í an Ghaeilge a bhfuil fréamhacha Ind-Eorpacha aici. Baineann sí leis an ghrúpa teangacha (Q-Cheilteach) ina bhfuil Gàidhlig na hAlban agus an Mhanainnis. Labhraítear an teanga go príomha in Éirinn ach is féidir teacht ar Ghaeilgeoirí i ngach aon chearn den domhan agus tá cuid mhór cumarsáide as Gaeilge le feiceáil ar an idirlíon. Is teanga oifigiúil de chuid Aontas na hEorpa í an Ghaeilge agus cosaint aici faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Tá dhá stát ar leith ar oileán na hÉireann agus dhá theanga oifigiúla sa stát ó dheas. Is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil i bPoblacht na hÉireann ach is é an Béarla príomhurlabhra an phobail. Déanann gach duine staidéar ar an Ghaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil agus tá dáimh mhór ag muintir na hÉireann leis an teanga – 1.3 milliún ag maíomh go bhfuil Gaeilge acu sa Daonáireamh ó dheas sa bhliain 2012.

I dTuaisceart Éireann, teagasctar an Ghaeilge i gcuideachta nua-theangacha eile ar leibhéal na hiarbhunscolaíochta, scoileanna Caitliceacha den chuid is mó, agus tá chóir a bheith cúig mhíle páiste ag freastal ar Ghaelscoileanna, mar a múintear na ceachtanna uile trí mheán na Gaeilge. Mhaígh 94,000 den phobal (breis agus 10% den daonra) ó thuaidh gur Ghaeilgeoirí iad i nDaonáireamh na bliana 2011.

Is ionann Gaeltacht agus ceantar ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhurlabra ag bunadh na háite. Tá an mhórchuid de na cainteoirí Gaeilge lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta ar chósta thiar na hÉireann, ó Phort Láirge sa deisceart go Tír Chonaill sa tuaisceart. Is ceantair iargúlta cois farraige iad den mhórchuid ach tá Gaeltachtaí nua uirbeacha á bhforbairt i gcathracha ar nós Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Feirste.

I suirbhé a rinne Millward Brown do Chonradh na Gaeilge ag tús 2015, d’aontaigh 70% de dhaoine ó dheas agus 54% de dhaoine ó thuaidh gur chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge do dhaoine ar mhaith leo iad a úsáid.  Ar a bharr sin, d’aontaigh 72% de dhaoine ó dheas agus 63% de dhaoine ó thuaidh gur chóir go mbeadh Gaeloideachas ar fáil do dhaoine ar mhaith leo é.  Léiríonn sé seo go bhfuil an-tacaíocht don Ghaeilge, ní hamháin i measc phobal na Gaeilge, ach i measc an phobail ar fad. 

Roimh theacht na nAngla-Normannach (1169) ba Ghaeltacht í iomlán oileán na hÉireann ach tá an Ghaeilge faoi bhrú ag an Bhéarla ó shin i leith. D’fhág na hAngla-Normannaigh a lorg ar an Ghaeilge (m.sh. cúirt, garsún, seomra) mar a rinne na Lochlannaigh rompu (m.sh. bróg, margadh, pingin) ach níor éirigh leis an Bhéarla an lámh in uachtar a fháil go dtí gur tháinig deireadh le réimeas na nGael le briseadh Chionn tSáile (1601) agus Plandáil Uladh (1607) sna sála air sin.

Bhí dhá dtrian de mhuintir na hÉireann (1,340,808 duine) go fóill ina gcainteoirí Gaeilge sa bhliain 1731 ach faoi dheireadh an chéid sin ní raibh ach leath den phobal ina nGaeilgeoirí.  Bhí an pobal ag dul i méid ach bhí pobal na Gaeilge ag dul i laghad agus ba thubaisteach an éifeacht a bhí ag an Ghorta Mhór ar an teanga. Faoin bhliain 1851, ní raibh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga ach ag an cheathrú cuid den phobal.

Nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893, ní raibh ach 0.8% den phobal a raibh Gaeilge amháin acu agus 15% den phobal dátheangach. Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl le breis agus céad bliain anuas agus tá chóir a bheith dhá mhilliún duine anois ar fud na hÉireann a bhfuil Gaeilge acu. Tá deiseanna éagsúla fostaíochta ar fáil do Ghaeilge sa bhaile agus i bhfad i gcéin agus déanann cuid mhór eagras (Gael Linn in measc siúd!) obair iontach le freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge agus lucht foghlama na teanga.

Tá stáisiún náisiúnta teilifíse (TG4) agus raidió (Raidió na Gaeltachta) ag an Ghaeilge agus cluintear go leor Gaeilge sna meáin eile. Is dream bríomhar, fuinniúil agus ceolmhar iad pobal na Gaeilge agus bíonn roinnt buaicphointí san fhéilire gach bliain, go háirithe ‘Seachtain na Gaeilge’, cóngarach do Lá Fhéile Pádraig i mí an Mhárta agus Oireachtas na Samhna, féile chultúrtha a bhíonn mar phríomhimeacht shóisialta do chainteoirí Gaeilge gach bliain.

Is sochaí ilteangach agus ilchultúrtha ar fad anois í saol na hÉireann agus tá an Ghaeilge mar ghné lárnach den sochaí sin. Tá imircigh as gach cearn den domhan anois ina gcónaí in Éirinn, cuid acu ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ar imeachtaí Gaeilge le cuidiú leo dul i dtaithí ar chultúr na hÉireann. Le dul chun cinn na síochána ó thuaidh tá roinnt mhaith foghlaimeoirí neamhthraidisiúnta ón phobal PUL (Protastúnaigh-Aontachtach –Dílis) anois ag foghlaim Gaeilge agus tá sampla iontach de sin ag Misean Oirthear Bhéal Feirste agus an scéim ‘Turas’ faoi cheannaireacht Linda Ervine.

Is teanga bheo bhríomhar í an Ghaeilge atá ar fáil agus ar oscailt do chách!