Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht

D’fhoghlaimeoirí

Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht

Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht

Tá an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga, agus scileanna aistriúcháin agus eagarthóireachta a fhoghlaim. Á rith ag Ollscoil Mhá Nuad.

De bhrí go bhfuil ardú stádais bainte amach ag an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip le roinnt blianta anuas, tá méadú tagtha ar an éileamh atá ar dhaoine a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge. Cuireadh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht ar bun sa bhliain 2007 le freastal ar an éileamh sin, agus tá idir rath agus ráchairt air ó shin i leith.

Forléargas

Tá an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga, agus scileanna aistriúcháin agus eagarthóireachta a fhoghlaim. Cúrsa praiticiúil atá ann ina ndírítear ar chruinneas Gaeilge agus ar chúrsaí stíle, ar fhadhbanna a thagann chun cinn go minic san aistriúchán Béarla–Gaeilge, ar ghnéithe den teoiric a bhfuil feidhm phraiticiúil leo, ar scileanna teicneolaíochta, agus ar chleachtais ghnó agus ghairmiúla in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta. Cuirtear béim láidir ar scileanna eagarthóireachta sa chúrsa freisin, sa dóigh is go mbeidh na rannpháirtithe in ann a saothar féin agus saothar daoine eile a athbhreithniú go héifeachtach. 

Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine atá ag obair mar aistritheoirí cheana féin agus ar dhaoine a bhfuil sé i gceist acu dul ag obair san earnáil sin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.

Is cúrsa ar líne é an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, rud a fhágann gur féidir le mic léinn ó gach cearn den domhan tabhairt faoi. Agus de bhrí gur cúrsa páirtaimseartha é, beidh rannpháirtithe in ann freastal air in ainneoin cúraimí eile oibre nó teaghlaigh a bheith orthu.

Cáilíocht: Dioplóma Iarchéime / MA

Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, agus bronnfar Dioplóma Iarchéime orthu siúd a bhainfidh an pasmharc de 60% amach ag deireadh an chúrsa. Tabharfar deis do na mic léinn sin a bhainfidh 65% nó os a chionn amach sa Dioplóma Iarchéime tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach. Is idir mí an Mheithimh agus mí Dheireadh Fómhair, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin.

Scoláireachtaí agus duaiseanna

Bronnfar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an chúrsa iad ar an mbeirt is fearr a chruthóidh sa scrúdú iontrála. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarrthóirí a thugann faoin bpríomhscrúdú iontrála (21 lúil 2018) agus na scoláireachtaí á mbronnadh; má chailleann iarrthóir an príomhscrúdú iontrála sin, tabharfar deis dó an scrúdú iontrála a dhéanamh ar dháta eile chun áit a ghnóthú ar an gcúrsa, ach ní bheidh sé i dteideal ceann de na scoláireachtaí, fiú má ghnóthaíonn sé ceann de na marcanna is airde sa scrúdú sin.

Bronntar Duais Uí Dhoibhlin i Léann an Aistriúcháin ar an mac léinn a ghnóthaíonn an marc is airde sa Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht.