Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán dírithe orthu siúd a bhfuil scileanna maithe Gaeilge acu cheana féin ach ar mhaith leo scileanna aistriúcháin a fhoghlaim, ardchaighdeán a bhaint amach sa teanga scríofa agus scileanna praiticiúla a fhoghlaim sna réimsí sin. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mhean na Gaeilge ar bhonn laethúil - múinteoirí agus iriseoirí mar shampla.