Scoláireachtaí - Cúrsa Teaghlaigh

D’fhoghlaimeoirí

Scoláireachtaí - Cúrsa Teaghlaigh

Scoláireachtaí - Cúrsa Teaghlaigh

Scoláireachtaí ar fáil ó Fhoras na Gaeilge le freastal ar chúrsa teaghlaigh i nGaoth Dobhair le Cumann an Phairsaigh

  • soláthróir:
    Cumann an Phiarsaigh/ Foras na Gaeilge

RÁITEAS maidir le SCOLÁIREACHTAÍ 2017

Family Course sa Ghaeltacht July 2017   Cúrsa Teaghlaigh sa Ghaeltacht Iúil 2017

Tá Foras na Gaeilge ag cur 15 scoláireachtaí ar fáil do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeilge atá a reáchtáil ag Cumann an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le linn na seachtaine 15-22 Iúil 2017. Bronnfar 10 scoláireachtaí de luach €900 an ceann agus 5 scoláireachtaí de luach €200 an ceann ar theaghlaigh a bhfuil suim acu freastal ar an chúrsa Gaeilge seo i nGaoth Dobhair.

Caitheann na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus imeachtaí tré Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlíon www.piarsaigh.ie

Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscolaíochta faoi láthair atá na scoláireachtaí dírithe; sé sin le rá do theaghlaigh a bhfuil páiste ag freastal ar ghaelscoil, ar ghaelcholáiste nó scoil ina bhfuil oideachas tré Ghaeilge a chur ar fáil.

Beidh trí scoláireacht le bronnadh ar an chlár Cóisir Cheoil (15.00-17.00) ar RTE RAIDIO NA GAELTACHTA gach lá ón Luan 08 Bealtaine go Aoine 12 Bealtaine.  Éist leis an chlár le linn na seachtaine agus beidh an deis agat TÉACS a chur isteach le linn an chláir le bheith sa chrannchur do na scoláireachtaí.

Tá Cumann an Phiarsaigh go mór faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as an tacaíocht seo a thabhairt don chúrsa.

Is féidir eolas breise a fháil ó Joe Ó Gallchóir, stiúrthóir an chúrsa,  ag 086 3048242 nó galljoe@eircom.net