Bréagchúirt Uí Dhálaigh

Bréagchúirt Uí Dhálaigh

BRÉAGCHÚIRT CHUIMHNEACHÁIN

AN ONÓRAIGH CEARBHALL Ó DÁLAIGH

 

Craobh-bhabhta Bhréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn 2017

Cúirt sa Round Hall, Na Ceithre Chúirt,

Baile Átha Cliath 7,

Dé hAoine, 10 Samhain 2017 ar

5.00 p.m.

 

BREITHIÚNA 

Bronagh O’ Hanlon, Breitheamh den Ard-Chúirt

Cormac Ó Dúlacháin, Abhcóide Sinsearach

Sinéad Ní Chúlacháin, Breitheamh den Chúirt Chuarda

 

Fáilte roimh chách !


Eagraíonn Gael Linn an comórtas seo go bliantúil  in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh. Comórtas do mhic léinn tríú leibhéal é, ach go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an dlí.  Achomharc in aghaidh breith cúirte atá i gceist agus bíonn sonraí an cháis ar fáil roimh ré.  Reáchtálfar réamhbhabhtaí maidin Dé hAoine in Óstaí an Rí ina mbeidh foirne ó 6 choláiste 3ú leibhéil ag glacadh páirte, ag súil le háit a bhaint amach sa Chraobh.  Bronnfar buantrófaí Gael Linn agus seic ar €600 ar na buaiteoirí agus seic ar €300 ar an bhfoireann a thagann sa dara háit.