CAMCHUAIRT: Dún na mBan Trí Thine arna léiriú ag AN TAIBHDHEARC

CAMCHUAIRT: Dún na mBan Trí Thine arna léiriú ag AN TAIBHDHEARC

Scríofa ag: Éilís Ní Dhuibhne

Stiúrthóirí: Anne McCabe agus Marianne Kennedy

Cliar: Linda Bhreathnach, Máire Ní Mháille, Eoin Geoghegan, Tara Breathnach, Yvonne Ní Laife, Catherine Denning, Caitríona Ní Dhomhnaill.

 

Cuirfear an taispeántas ar siúil:

Dé Máirt 14 & Dé Céadaoin 15 Samhain, 8in, Halla an Phobail, Ráth Chairn 

€15/€12

___________________________________________

 

Taibhdhearc na Gaillimhe ag dul ar chamchuairt leis an dráma 

Dún na mBan Trí Thine

 

Tar éis gur éirigh go geal leis an dráma ‘Dún na mBan Trí Thine’ ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe i mbliana (20 léiriú uilig díolta amach), beidh an dráma ar stáitse arís i nGaillimh roimh dul ar chamchuairt go Dún na nGall, Co. na Mí agus Co. Chiarraí ó 8-18 Samhain. 

 

“dearadh seit intliúil… atmaisféar draíochtúil… chuir an léiriú ina iomláine bród orm” Bernie Ní Fhlatharta, Galway City Tribune

 

Dráma comhaimseartha atá anseo leis an scríbhneoir cáiliúil Éilís Ní Dhuibhne a bhfuil gradaim iomadúla buaite aici dá cuid saothar i nGaeilge agus i mBéarla, ina measc ainmniúcháin ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin agus The Orange Prize for Fiction. Comhoibriú atá sa léiriú idir Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, agus Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú, OEGaillimh.

 

Seo dráma faoi choimhlint mná atá ag tógáil clainne agus í ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ina cuid oibre féin mar ealaíontóir ag an am céanna. Tá Léiní an príomhcharactar ag streachailt sa bhaile agus is crá croí iad na cailleacha sa Dún agus iad ag caitheamh maslaí léi agus ag déanamh ceap magaidh dí. Gan trácht ar thaibhse Mhamó a cheapann gurb é tobar na heagna maidir le tógáil clainne í… An éireoidh le Léiní nó an gcuirfear ar mire í?

 

Mar a deir Anne McCabe stiúrthóir ealaíona na Taibhdheirce, "Is iomaí dúshlán atá le sárú againn go háirithe mar mhná atá ag obair sna healaíona, le chuile rud a láimhseáil go cothrom idir freagrachtaí teaghlaigh agus obair chruthaitheach. Seo scéal a bhaineann le chuile duine." Léiriú comhaimseartha atá i gceist ar dhráma comhaimseartha faoi fhórsaí ceilte a mbíonn tionchar acu ar ár saol. Le ceol, macallaí ón mbéaloideas, agus amharclannaíocht fhisiciúil.

 

Beidh sárfhoireann aisteoirí ar an ardán: Linda Bhreathnach, (a bhfuil go leor duaiseanna bainte aici don scannán ‘Adulting’), Máire Ní Mháille (Aisteoirí an Spidéil), Tara Breathnach, (A Nightingale Calling), Yvonne Laife, Catherine Denning agus Caitríona Ní Dhomhnaill. Is é an dearthóir físe ná Sean Cathal Ó Coileáin as Gaoth Dobhair, stiúrthóir cruthaitheach le TG4. Is í an dearthóir seit Tríona Lillis (a bhfuil cáil an Tweed Project uirthi), an dearthóir cultacha Chérie White (Macnas), agus an bainisteoir stáitse Rae Penelope Visser, (Fíbín). 

 

Dataí:

9 Samhain, 8in, An Taibhdhearc, Gaillimh. €18/€16

11 & 12 Samhain, 8in, Amharclann Ghaoth Dobhair, Dún na nGall. €15/€12

14 & 15 Samhain, 8in, Halla an Phobail, Ráth Chairn, Co. na Mí. €15/€12

17 & 18 Samhain, 8in, Halla na Feothanaí, Feothanach, Co. Chiarraí. €15/€12