Scoláireachtaí do Dhaoine Fásta

Scoláireachtaí do Dhaoine Fásta

Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta d’Fhoghlaimeoirí Fásta 2018

Beidh scoláireachtaí á soláthar ag Foras na Gaeilge agus Gael Linn d’fhoghlaimeoirí fásta ar mhaith leo freastal ar chúrsa Gaeltachta i mbliana. Sé scoláireacht dhéag ar luach €250 an ceann a bheidh ar fáil d’fhoghlaimeoirí fásta. Beidh na scoláireachtaí inaistrithe. Is é 13 Aibreán an spriocdháta le cur isteach ar scoláireacht. Má tá suim agat cur isteach ar scoláireacht, le do thoil, déan ríomhphost a sheoladh chuig sinead@gael-linn.ie le d’ainm, do chuid sonraí teagmhála, agus míniú cén fáth ar mhaith leat go mbronnfaí scoláireacht ort.

Guímíd gach rath ar na hiarrthóirí ar fad.