Siamsaíocht@6!

Siamsaíocht@6!

Is féidir ticéidí a cheannach anois chuig Siamsaíocht@6 i dTeach Cathrach Cúirt an Phaoraigh ar an 15.03.2018. Beidh an t-amhránaí Deirbhile Ní Bhrolcháin ag canadh amhráin óna halbam 'Seoid', eisithe ag Gael Linn, mar aon le hamhráin óna halbam nua 'Coinnlíní Ceol'.  Cuirfidh Steve Johnston agus Tony Trundle tionlacan ar fáil agus beidh glórthacaíocht á thabhairt ag Rachel agus Eithne Cunningham, neachtanna le Deirbhile, ar an oíche. Tosóidh an oíche ag a 6 a chlog agus beidh costas €12 ar na ticéid. Is gá ticéidí a chur in áirithint. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Niamh ar 087-2547574 nó niamh@gael-linn.ie.