Teanglann - Aip Foclóirí Gaeilge

Teanglann - Aip Foclóirí Gaeilge

Tá aip foclóirí Gaeilge nua, Teanglann, ar fáil anois ina bhfuil leaganacha digitithe d'fhoclóirí Uí Dhónaill, de Bhaldraithe agus An Foclóir Beag chomh maith le bunachair ghramadaí agus foghraíochta. Tá an aip saor in aisce, agus tá sí ar fáil do chórais iOS agus Android araon.


Ciallaíonn sé seo nach gá bheith ceangailte leis an idirlíon a thuilleadh chun na háiseanna seo a úsáid, agus is féidir le daoine na foclóirí agus bunachair aonair san aip a íoslódáil nó a scriosadh ceann ar cheann mar is áil leo féin. Tá áiseanna breise san aip leis, mar shampla déantar uathchríochnú sa chuardach, is féidir réiltín a chur leis na hiontrálacha is fearr leat chun iad a shábháil, coimeádtar liosta de na cuardaigh is déanaí a rinne tú, agus is féidir tapáil faoi dhó ar aon fhocal in iontráil chun an focal sin a chuardach.